THE VENEERIST LTD

MÍN AN DÚAIN, BAILE NA FINNE, CO.DHÚN NA NGALL

MEENADOAN, FINTOWN, CO.DONEGAL, REP OF IRELAND

  • Grey Instagram Icon

Coimisiúnú – Dearadh críochnaithe go pacaíste suiteála, ag obair leis an chliant ar mhaithe le píosa méine a tháirgeadh ón dearadh bunaidh go dtí roghnú veiníre go dtí an suiteáil críocnaithe. Beidh an píosa deartha saincheaptha agus déanta do riachtanais an chliaint ach le hinphrionta Chiaráin é féin.  Ó phainéil móra balla go bocsaí seodra, saothair ealaíon go seodra, déanfaidh an dearthóir óg seo rud ar bith a bhfuil an fhéidearthacht ann duine a spreagadh agus a dhéanamh fiosrach.

 

Táirge –Beidh réimse táirgí le fáil le ceannacht.  Tá siad seo ar leithligh do Veneerist agus beidh siad ar fáil do chliant phríobháideacha agus mhiondíola agus go gearr ina dhiaidh sin beidh siad ar fáil le ceannacht ar líne. Beidh bronntanais do fhir agus do mhná ann, bronntanais chorparáideacha agus bainise. Beidh sé de rogha na táirgí a dhéanamh pearsanta agus beidh siad á gcur ar fáil ar mhuiriompair ar fud an domhain. Bí ar an airdeall don rogha seo san am amach romhainn.

 

Seirbhís –Is é an rogha deireanach soláthar de veinír den chéad scoth maraon le seirbhís eitseála le léasar a chur ar fáil don ghnó. Beidh sé mar aidhm úsáid na maircíneachta i dtroscán agus i dtionscal na ndtáirgí a mhéadú in Éirinn agus thar lear. Thig veinír a chur ar fáil mar chlúdach réidh le preasáil nó an phreasáil agus an slacht a dhéanamh sa cheardlann, ag brath ar rogha an chliant.  Is féidir le mo chúlra féin i ndéanamh troscáin agus mo thaithí cuidiú le comhlachtaí tríd an phróiseas ón dearadh, cláreagrú, greamacháin go dtí roghnú an veinír.
Chomh maith leis sin, tá seirbhís eitseála le léasar ar fáil chun greanadh a dhéanamh ar earraí do chomhlachtaí atá ag iarraidh íomhá pearsanta a chuir ar a gcuid oibre. Is féidir le seo a bheith i bhfoirm lógó, íomhá nó go díreach téacs a thig a eitseáil ar chineálacha éagsúla ábhair ó adhmad soladach go leathar.