top of page

Maidir Linne
Is comhlacht úr spreagúil é Veneerist Teo. a dhéanann saintáirgí in ealaín na maircíneachta. Lonnaithe i nDún na nGall álainn, tá sé mar aidhm ag an chomhlacht roghanna, dearthaí agus táirgí úrnua a chur ar fáil do mhargaí na hÉireann agus do mhargaí idirnáisiúnta. Séard atá i gceist le Maircíneacht ná ag gearradh, ag cur i dtoll a chéile agus ag preasáil veinír adhmaid d’ardchaighdeán ar phíosaí troscáin, painéil balla agus táirgí le brat maisiúil a chruthú ar mhaithe le feabhas a chur ar cháilíocht, cuma agus mealltacht an phíosa. Is féidir maircíneacht a fheiceáil go coitianta ar gach cineál rudaí ó bharr tábla go clár fichille, ar bhocsaí seodra ná fiú ar phainéil móra balla.

I ndeireadh mí Mheán Fómhair 2015, chuir Ciarán ar bun Veneerist Teo. Is dearthóir agus déantóir troscán é Ciarán a fuair a chéim, le gradam, i ndearadh agus ndéantúsaíocht troscán ó Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, Leitir Fraic. Ansin, chuaigh sé go Londain le céim mháistireachta a dhéanamh in Ollscoil Chathrach Londain. Nuair a bhí cúpla bliain taithí oibre faighte aige ag obair i dtionscal an troscáin ardleibhéil, bheartaigh sé dhul le maircíneacht agus dearadh ar chuir sé dúil a chroí ann i laethe a óige in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.

Tá sé mar aidhm ag Veneerist seirbhís d’ardchaighdéan a chur ar fáil do thionscal an troscáin Éireannaigh, ag úsáid an veinír adhmaid den chaighdeán is airde agus an teicneolaíocht léasair is nua-aimseartha agus á gcur iad seo le chéile le cur chuige dearaidh ar mhaithe le casadh úrnua a thabhairt do shamhail traidisiúnta na maircíneachta. Leis an taithí agus na scileanna atá ar fáil maraon le díograis agus fonn na críocha a bhrú chun tosaigh, beidh sé mar sprioc daoine a spreagadh agus a chur ar an eolas i dtaca leis na féidearthachtaí atá veinír agus maircíneacht in ann a chur ar fáil. 
 

bottom of page